1.1 Mise agus an chopail

Léigh na ráitis 1–5 maidir leis an gcopail ‘is’. An bhfuil an ráiteas fíor nó bréagach i do chás féin?

  1. Bím in amhras go minic faoin mbealach ceart leis an gcopail a úsáid.

Fíor  ☐            Bréagach ☐

  1. Ní bhím cinnte conas ceist a fhreagairt – le ‘is ea/ní hea’ nó le ‘is é/ní hé’.

Fíor  ☐            Bréagach ☐

  1. Ní thiocfadh liom an difear idir na habairtí seo a mhíniú: ‘Is léachtóir Fraincise í’ agus ‘Is í an léachtóir Fraincise í.’

Fíor  ☐            Bréagach ☐

  1. Ní bhíonn a fhios agam cé acu ‘gur’ nó ‘gurb’ nó ‘gurbh’ ba cheart a bheith ann.

Fíor  ☐            Bréagach ☐

  1. Tá nós agam gan an chopail a úsáid ach gach abairt a thosú le ‘tá’ nó ‘níl’.

Cuideoidh na nótaí agus na cleachtaí seo leat máistreacht a bhaint amach ar an gcopail. Tá roinnt téarmaí gramadaí atá lárnach san obair: ainmní, faisnéis, abairt aicme agus abairt ionannais. Cuirfimid eolas orthu sin de réir a chéile, le míniú agus le neart samplaí.

Tá leagan PDF den cheacht seo le fáil anseo. Tá nótaí ranga do mhúinteoirí, chomh maith le freagraí na ngníomhaíochtaí, le fáil anseo.

1.2 An abairt aicme

Is ionann ‘abairt aicme’ agus abairt a insíonn cén chatagóir nó cén aicme lena mbaineann duine nó rud. Lena rá go simplí, insíonn an abairt aicme cén cineál ruda atá i gceist. Is san aimsir láithreach atá na samplaí seo thíos.

  1. Is aisteoir clúiteach í Helen.
  2. Ní baile beag ar chor ar bith Cluain Meala.
  3. Is cúis díomá é an toradh seo.
  4. Is cara maith dom an Príomhoide.
  5. Is fear mór bia é fear an tí seo.
  6. An Spáinneach í do bhean chéile?
  7. Is amadán amach is amach gach duine a chreidfeadh an scéal sin.
  8. Nach dream deas scoláirí iad Rang a Ceathair?

Ar thug tú faoi deara go bhfuil an forainm (é, í, iad) leis an ainmní i gcuid de na samplaí ach gur fágadh ar lár é i samplaí eile?

  • Is fear mór bia é fear an tí seo.
  • Is cara maith dom an Príomhoide.

Is amhlaidh nach bhfuil an forainm riachtanach i gceann ar bith de na habairtí samplacha thuas. Is féidir é a fhágáil ar lár ar fad, mar shampla Is aisteoir clúiteach HelenIs cúis díomá an toradh seo.

Is minic a fhágtar an focal ‘is’ ar lár chomh maith:

  • (Is) Aisteoir clúiteach í Helen.
  • (Is) Cara maith dom an Príomhoide.
  • (Is) Fear mór bia fear an tí seo.
  • (Is) Amadán amach is amach gach duine a chreidfeadh an scéal sin.

1.3 Bain triail as

Cum abairtí aicme de do chuid féin leis na focail seo thíos, de réir mar atá déanta sa sampla.

Sampla: sráidbhaile beag álainn

Is sráidbhaile beag álainn é an Clochán.

láithreoir teilifíse       scannán uafáis                  ainmhí fiáin             tír Eorpach

scríbhneoir ficsin     cluiche foirne          cúis imní                 daoine breátha

1.4 Ainmní agus faisnéis

Is ionann an t-ainmní agus ábhar na habairte, an duine nó an rud a bhfuil eolas á thabhairt faoi. Is ionann faisnéis agus an t-eolas a thugtar maidir leis an ainmní.

Is féidir na habairtí samplacha 1–8 a roinnt idir faisnéis agus ainmní. Féach go mbíonn an fhaisnéis i dtús na habairte agus go mbíonn an t-ainmní ar deireadh.

 Faisnéis  Ainmní
 Is aisteoir clúiteach í   Helen.
 Ní baile beag ar chor ar bith  Cluain Meala.
 Is cúis díomá é  an toradh seo.
 Is cara maith dom  an Príomhoide.
 Is fear mór bia é  fear an tí seo.
 An Spáinneach í  do bhean chéile?
 Is amadán amach is amach  gach duine a chreidfeadh an scéal sin.
 Nach dream deas scoláirí iad  Rang a Ceathair?

1.5 Aistrigh leat

Cuir Gaeilge ar na habairtí Béarla 1–8. Tá siad ag teacht leis na habairtí samplacha sa bhosca thuas.

  1. Brídín is a traditional musician.
  2. Paris isn’t a cheap city.
  3. This story is an out and out scandal!
  4. The manager is a rather difficult person.
  5. The captain of the team is a fine footballer.
  6. Is your teacher a native speaker?
  7. Everything he said is a lie.
  8. Isn’t Room 9 a small room?

1.6 Mínigh féin é

Tá difríocht mhór idir an fhaisnéis agus an t-ainmní sna samplaí a bhí againn go dtí seo, is é sin go bhfuil an fhaisnéis éiginnte fad is atá an t-ainmní cinnte.

 Faisnéis  Ainmní
 Is aisteoir clúiteach í   Helen.
 Ní baile beag ar chor ar bith  Cluain Meala.
 Is cúis díomá é  an toradh seo.
 Is cara maith dom  an Príomhoide.
 Is fear mór bia é  fear an tí seo.
 An Spáinneach í  do bhean chéile?
 Is amadán amach is amach  gach duine a chreidfeadh an scéal sin.
 Nach dream deas scoláirí iad  Rang a Ceathair?

Caithfidh tú féin rud beag taighde a dhéanamh anois. Is féidir leat na foinsí seo a úsáid chun teacht ar an eolas:

Is ainmfhocal cinnte gach focal sa liosta thíos. Scríobh míniú ar an gcúis a bhfuil an focal cinnte. Cén téarma gramadaí a úsáidtear le cur síos ar a leithéid d’fhocal?

  • Helen/Cluain Meala
  • na bóithre seo/an Príomhoide
  • fear an tí seo
  • do bhean chéile
  • gach duine
  • rang a ceathair

 

 

Roinn an Post seo: