Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

1.1 Mise agus an chopail

Aidhm

Seans a thabhairt do na foghlaimeoirí a machnamh a dhéanamh maidir leis an gcopail ‘is’.

Treoracha

  • Lig don rang na ceisteanna 1–5 a phlé ina measc féin. Is féidir le beirteanna an ceistneoir a chur ar a chéile nó plé níos oscailte a bheith ag an rang uile.
  • Fiafraigh díobh an bhfuil gnéithe eile den chopail a mbíonn deacrachtaí acu leo.
  • Tríd is tríd, an bhfuil an rang muiníneach nó mímhuiníneach maidir le húsáid na copaile?

1.2 An abairt aicme

Aidhm

Sainmhíniú ar cad is abairt aicme ann. Abairtí samplacha agus roinnt nótaí breise.

Treoracha

Léigh na nótaí agus déan cinnte go dtuigeann na foghlaimeoirí a bhfuil i gceist leis an téarma gramadaí ‘abairt aicme’.

1.3 Bain triail as

Aidhm

Seans a thabhairt do na foghlaimeoirí abairtí aicme dá gcuid féin a chumadh.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí a gcuid abairtí a chumadh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.
  • Iarr orthu abairtí dearfacha a athscríobh leis an bhfoirm dhiúltach ‘ní’ nó leis na ceisteanna ‘an’ agus ‘nach’.

1.4 Ainmní agus faisnéis

Aidhm

Léargas níos iomláine ar an abairt aicme, idir fhaisnéis agus ainmní.

Treoracha

Léigh na nótaí agus déan cinnte de go dtuigeann na foghlaimeoirí a bhfuil i gceist leis na téarmaí gramadaí ‘faisnéis’ agus ‘ainmní’.

1.5 Aistrigh leat

Deis a thabhairt do na foghlaimeoirí abairtí aicme a chur ar fáil i nGaeilge.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí na habairtí a aistriú.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.

Freagraí

  1. Is cheoltóir traidisiúnta (í) Brídín.
  2. Ní cathair shaor (é) Páras.
  3. Is scannal amach is amach (é) an scéal seo!
  4. Is duine saghas deacair (é/í) an bainisteoir.
  5. Is peileadóir breá (é/í) captaen na foirne.
  6. An cainteoir dúchais (é/í) do mhúinteoir?
  7. Is bréag gach rud a dúirt sé.
  8. Nach seomra beag (é) Seomra 9?

1.6 Mínigh féin é

Aidhm

Na foghlaimeoirí a chur i mbun taighde ar an ngramadach.

Treoracha

Moltar go dtabharfadh na foghlaimeoirí faoin tasc seo taobh amuigh den rang agus toradh a gcuid oibre a phlé sa chéad rang eile.

Freagraí

  • Helen/Cluain Meala: Is ainm dílis gach focal díobh seo, is é sin ainm duine nó áite.
  • na bóithre seo/an Príomhoide Is amhlaidh atá an t-alt (‘an’ agus ‘na’) leis na hainmfhocail seo. Dá bhrí sin, is ainmfhocail chinnte iad.
  • fear an tí seo Tá ‘fear’ ina ainmfhocal cinnte toisc go bhfuil ainmfhocal cinnte ar a lorg. Samplaí eile: fear Thír Eoghain; fear céile Aoife; fear an bháid srl.
  • do bhean chéile Tá ‘bean chéile’ ina ainmfhocal cinnte toisc an aidiacht shealbhach a bheith leis (mo, do, a, ár, bhur)
  • gach duine Ainmfhocail chinnte a leanann ‘gach’, ‘gach aon’, ‘gach uile’.
  • rang a ceathair Tá ‘rang’ ina ainmfhocal cinnte toisc é a bheith faoi réir ag ‘a ceathair’. Seo tuilleadh samplaí as Gramadach na Gaeilge: an Caighdeán Oifigiúil: Cuid III, riail a sé, Bus 16, mír (b).
Roinn an Post seo: