Tá leagan PDF den cheacht seo le fáil anseo. Tá nótaí ranga do mhúinteoirí, chomh maith le freagraí na ngníomhaíochtaí, le fáil anseo.

2.1 Tusa an t-eagarthóir  

Sa chéad rang, chuireamar eolas ar an abairt aicme. Sa cheacht seo, díreoimid ar an abairt ionannais. Sula ndéanfaimid sin, léigh na habairtí 1–5 thíos.

  • Is abairtí aicme iad go léir.
  • Tá botún i ngach abairt.
  • Ceartaigh agus mínigh an botún.
  • Pléigh do chuid oibre le duine eile sa rang. An bhfuil sibh ar aon aigne?
  1. Ní hamadán ar bith í Sarah.
  2. Ní chainteoir rómhaith mé, is cosúil.
  3. Is ceist chonspóideach agus fadhb leanúnach í an seicteachas.
  4. Is réiteach simplí éifeachtach é an chumarsáid.
  5. Ní hiad ceoltóirí gairmiúla iad.

2.2 Rogha eile

Más abairt dearfach atá i gceist, is féidir leas a bhaint as struchtúr copaile eile: ‘is ea’.

Is aisteoir clúiteach í Helen. / Aisteoir clúiteach is ea Helen.

Is cúis díomá é an toradh seo. / Cúis díomá is ea an toradh seo.

Tá an struchtúr sin níos coitianta i gcanúint na Mumhan ná i gcanúintí eile, ach is struchtúr úsáideach é ba cheart a bheith ag gach scríbhneoir Gaeilge. Cabhróidh sé leat abairtí fada a scríobh go soiléir is go slachtmhar.

Bain triail as na habairtí 1–5 a athscríobh mar atá déanta sna samplaí thuas.

  1. Is tionscadal uaillmhianach é, nuair a chuirtear gach uile rud san áireamh.
  2. Is buille trom do pháirtithe an Rialtais é toradh an fhothoghcháin.
  3. Léiriú eile ar chumas na foirne an bua éasca a fuair siad ar Ard Mhacha.
  4. Is ceist chasta í nach bhfuil aon réiteach simplí uirthi.
  5. Dea-scéal d’earnáil na turasóireachta é an laghdú seo ar cháin bhreisluacha.

2.3 An abairt ionannais

Insíonn an abairt aicme dúinn cén aicme lena mbaineann X nó Y. Insíonn an abairt ionannais dúinn gurb ionann X agus Y.

 Abairt aicme  Abairt ionannais
 Is aisteoir clúiteach (í) Helen.  Is í Helen Aisteoir na Bliana.
 Ní baile beag ar chor ar bith Cluain Meala.  Ní hé Cluain Meala mo bhaile dúchais.
 Is cúis díomá (é) an toradh seo.  Is é an toradh seo an buille is measa ar fad.
 Is cara maith dom an Príomhoide.  Is í an Príomhoide an cara is dílse atá agam.
 Is fear mór bia (é) fear an tí seo.  Is é fear an tí seo an cócaire is fearr san áit.
 An Spáinneach (í) do bhean chéile?  An í do bhean chéile an múinteoir Spáinnise?
 Nach dream deas scoláirí (iad) Rang a Ceathair?  Nach iad scoláirí Rang a Ceathair an dream is deise sa scoil?

Seo thíos cuid de na rialacha a d’fhoghlaimíomar maidir leis an abairt aicme níos luaithe. An bhfuil na rialacha céanna i bhfeidhm maidir leis an abairt ionannais? Má tá difríocht ann, an féidir leat í a mhíniú?

1. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis roimh an ainmní.

San abairt ionannais...

2. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis éiginnte agus bíonn an t-ainmní cinnte.

San abairt ionannais...

3. San abairt aicme, níl sé riachtanach forainm a chur leis an ainmní.

San abairt ionannais... 

2.4 Bain triail as

Scríobh abairt ionannais faoi na rudaí atá luaite sa liosta 1–10, de réir mar atá déanta sa sampla.

Sampla: Páras (fir.) Is é Páras príomhchathair na Fraince.

  1. an pheil Ghaelach (bain.)
  2. an Fhraincis agus an Béarla
  3. Stephen Spielberg
  4. Sliabh Everest (fir.)
  5. Google (fir.)
  6. Raidió na Gaeltachta (fir.)
  7. oileáin Árann
  8. an léitheoireacht (bain.)
  9. comórtais an Oireachtais
  10. Kamala Harris
Roinn an Post seo: