Tá leagan PDF de na nótaí seo le fáil anseo.

2.1 Tusa an t-eagarthóir

Aidhm: Súil ar roinnt míthuiscintí coitianta a bhaineann le húsáid na copaile.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí a gcuid ceartúchán a dhéanamh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.

Freagraí

1. hamadán ar bith í Sarah. ‘Ní amadán’ ba cheart a bheith ann. Ní chuireann foirm dhiúltach na copaile réamhlitir h le hainmfhocail: Ní Éireannach atá ann; Ní oibrí díograiseach í; Ní amhrán nua é sin.

2. chainteoir rómhaith mé, is cosúil. ‘Ní cainteoir’ ba cheart a bheith ann. Ní chuireann foirm dhiúltach na copaile séimhiú ar ainmfhocal: Ní bréag ar bith é; Ní fiú deich euro é.

3. Is ceist chonspóideach agus fadhb leanúnach í an seicteachas. Is é ba cheart a bheith ann: ‘Is ceist chonspóideach agus fadhb leanúnach é an seicteachas.’ Mar a dúradh i Rang 1, ní gá an forainm a lua san abairt aicme. Má tá tú chun é lua, cuimhnigh gur leis an ainmní a bhaineann sé. Is ainmfhocail bhaininscneacha iad ‘ceist’ agus ‘fadhb’ ach is cuid den fhaisnéis iad sin. Is ainmfhocal firinscneach atá san ainmní, ‘seicteachas.’

4. Is réiteach simplí éifeachtach é an chumarsáid. Is ainmfhocal baininscneach atá san ainmní, ‘cumarsáid’. Dá bhrí sin, is forainm baininscneach a theastaíonn: ‘í an chumarsáid.’

5. hiad ceoltóirí gairmiúla iad. Ainmfhocal éiginnte is ea ‘ceoltóirí’. Dá bhrí sin, ní ceart an forainm a chur roimhe. Ní déarfá ‘Is é teach é’‘Is í múinteoir í’.

2.2 Rogha eile

Aidhm: Míniú agus cleachtadh ar an struchtúr copaile ‘is ea’.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí na habairtí a athscríobh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.

Freagraí

  1. Tionscadal uaillmhianach is ea é, nuair a chuirtear gach uile rud san áireamh.
  2. Buille trom do pháirtithe an Rialtais is ea toradh an fhothoghcháin.
  3. Léiriú eile ar chumas na foirne is ea an bua éasca a fuair siad ar Ard Mhacha.
  4. Ceist chasta is ea í nach bhfuil aon réiteach simplí uirthi.
  5. Dea-scéal d’earnáil na turasóireachta is ea an laghdú seo ar cháin bhreisluacha.

2.3 An abairt ionannais

Aidhm: Léargas ar an abairt ionannais mar aon le samplaí. Na foghlaimeoirí a chur i ngleic leis na difríochtaí idir an abairt aicme agus an abairt ionannais.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí na rialacha a mhíniú.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na rialacha.

Freagraí

1. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis roimh an ainmní.

San abairt ionannais, bíonn an fhaisnéis i ndiaidh an ainmní.

2. San abairt aicme, bíonn an fhaisnéis éiginnte agus bíonn an t-ainmní cinnte.

San abairt ionannais, bíonn an fhaisnéis agus an t-ainmní araon cinnte.

3. San abairt aicme, ní gá forainm a chur leis an ainmní.

San abairt ionannais, bíonn an forainm leis an ainmní i gcónaí.

2.4 Bain triail as

Aidhm: Cleachtadh faoi stiúir ar abairtí ionannais a scríobh.

Treoracha

  • Leag síos teorainn ama a shíleann tú a bheith oiriúnach agus lig do na foghlaimeoirí na habairtí a scríobh.
  • Is féidir ligean dóibh a bheith ag obair ina mbeirteanna nó i ngrúpaí níos mó.
  • Pléigh na habairtí. Ceartaigh mar is gá iad.
  • Iarr ar na foghlaimeoirí ceisteanna a dhéanamh de na habairtí a chum siad, mar shampla An í an pheil Ghaelach an spórt is mó a imríonn daoine sa cheantar?

Freagraí samplacha

  1. Is í an pheil Ghaelach an spórt is mó a imríonn daoine sa cheantar.
  2. Is iad an Fhraincis agus an Béarla an dá theanga oifigiúla i gCeanada.
  3. Is é Stephen Spielberg stiúrthóir an scannáin Schindler’s List.
  4. Is é Sliabh Everest an sliabh is airde ar domhan.
  5. Is é Google an t-inneall cuardaigh a úsáidim féin.
  6. Is é Raidió na Gaeltachta an tseirbhís náisiúnta raidió do phobal na Gaeilge.
  7. Is iad oileáin Árann na hoileáin is mó amach ó chósta na Gaillimhe.*
  8. Is í an léitheoireacht an caitheamh aimsire is fearr liom.
  9. Is iad comórtais an Oireachtais buaicphointe na bliana.*
  10. Is í Kamala Harris Leas-Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Tabhair faoi deara go bhfuil ‘oileáin Árann’ agus ‘comórtais an Oireachtais’ cinnte cheana féin. Dá bhrí sin, ní ceart an t-alt a chur leo.

Roinn an Post seo: