Is é aidhm www.aistear.ie cabhrú le daoine feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge scríofa agus cleachtadh a fháil ar shainscileanna na heagarthóireachta agus an aistriúcháin.

Táimid ag súil go ndéanfaidh pobal na Gaeilge a gcuid féin den suíomh – go gcuirfidh daoine samplaí de bhotúin choitianta faoinár mbráid le cur sa bhunachar Cruinneas, go bhfoilseoidh mic léinn iarchéime agus scoláirí eile toradh a gcuid oibre in Taighde & cartlann, go gcoinneofar ar an eolas muid faoi imeachtaí Gaeilge le haghaidh Nuacht agus go rachaidh léitheoirí i dteagmháil linn faoi ábhair a thaitníonn nó nach dtaitníonn leo.

Fásfaidh an suíomh ó mhí go mí, de réir mar a chuirfear ábhair nua leis. Ba mhór againn bhur gcuidiú san obair sin.

Is é Antain Mac Lochlainn eagarthóir an tsuímh. Grafaicí Teo a dhéanann an suíomh a dhearadh. Táimid buíoch d’Fhoras na Gaeilge as a gcuid tacaíochta maidir le dearadh agus forbairt an tsuímh. Cuireann Siuán Ní Mhaonaigh sainchomhairle ar fáil i ngeall ar chuid de na tionscadail taighde a bhíonn ar siúl ag Aistear ó am go ham.

Tá cuntas Béarla ar obair Aistear le fáil i bhfíseán a rinneadh tráth a bronnadh an Séala Eorpach Teanga ar an suíomh in 2013: https://www.youtube.com/watch?v=FQ1ZIfvJZ8w

Roinn an Post seo: