Is as Cúil Raithin, Contae Dhoire, d’Antain Mac Lochlainn. Tá PhD sa Nua-Ghaeilge aige ó Ollscoil Uladh. Tá sealanna caite aige i mbun a sheirbhíse aistriúcháin féin agus ina Phríomhtheagascóir ar an Dioplóma Iarchéime san Aistriúchán agus san Eagarthóireacht i Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

I measc a chuid foilseachán le Cois Life tá In Ord is in Eagar (2010), Cruinneas, (2015) agus Ó Bhéarla go Gaeilge (2018). Tá dhá leabhar i sraith Nairnia le C.S. Lewis aistrithe aige don Ghúm: An Leon, an Bandraoi agus an Prios Éadaigh (2014) agus An Capall agus a Ghiolla (2019).

Roinn an Post seo: