Is as Gaeltacht Ghaoth Dobhair do Shiuán Ní Mhaonaigh, a bhfuil céim BA aici ó Choláiste Phádraig, Má Nuad agus céim MPhil sa Teangeolaíocht Fheidhmeach ó Choláiste na Tríonóide. Is taighdeoir agus comhairleoir teanga í a bhfuil saineolas aici ar chúrsaí measúnachta agus teagaisc. Tá sí ina Stiúrthóir ar Theastas Eorpach na Gaeilge (www.teg.ie) tionscadal de chuid Lárionad na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad.

Tá réimse leathan ábhair oideachais scríofa ag Siuán agus Antain fá choinne scoileanna dara leibhéal, thuaidh agus theas. Ina measc sin tá, Blas: Cleachtaí Foghraíochta (COGG, 2014), na trí théacsleabhar sa tsraith Snas agus Blas (CCEA, 2017–8) agus Dúchas (COGG, 2019).

Tá réimse leathan ábhar scríofa acu fá choinne foghlaimeoirí fásta. Ina measc sin, tá an cúrsa ilmheáin Speaking Irish/An Ghaeilge Bheo (McGraw-Hill, 2008).

Roinn an Post seo: