Cleachtadh eagarthóireachta 5: treoracha do phaisinéirí

Cuir i gcás go gcaithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos, i.e. gach botún litrithe agus gramadaí ann a cheartú.

Téacs caighdeánach atá de dhíth. Más fearr leat cloí leis na nósanna a gcuirtear síos orthu in Forlíonadh Teanga agus Gramadaí leis an New English–Irish Dictionary (de rogha ar a bhfuil in Gramadach na Gaeilge: An Caighdeán Oifigiúil), cuimhnigh gur cheart a bheith leanúnach agus gan a bheith anonn is anall idir an dá fhoinse thagartha.

Tá leagan PDF den chleachtadh seo le fáil anseo.

Modh oibre

  • Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
  • Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
  • Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú, ach ní chuige sin atáimid.
  • Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
  • Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh, bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
  • Cuir d’iarracht féin i gcomparáid le Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 5.

Tá áthas ar Aer Lingus fáilte a chur romhat ar bord.

Tá foireann an chábáin anseo le cinntiú go mbainfidh tú taithneamh as do thuras. Mar sin de, ná bíodh leisc ort cabhair a iarraidh orthu. Ar mhaithe le do chompord agus do shábháilteacht, iarrann muid ort aird a thabhairt ar an bhfoireann ag tús na heitilte agus iad ag taispeáint conas a n-úsáidtear an fearas slándála. Iarrtar ort an cárta threoracha slándála atá i bpóca an tsuíocháin ós do chomhair a léamh leis.

Sábháilteacht                                                                                                                                           

Is féidir le fearas leictreonach in-iompartha cur isteach ar threalamh an eitleáin, rud a d’fhéadfadh a bheith contúirteach. ‘Sé príomhchúram Aer Lingus ná sábháilteacht ár gcuid paisnéirí agus, dá bharr sin, iarrtar ort aird a bheith agat ar an eolas sa mír seo a leanas:
• Caithfear teileafóin phóca a mhúchadh nuair a dhruidtear doirse an eitleáin nó ar ordú duine den bhfoireann.
• Is ceadmhach leas a bhaint as gléasanna a bhfuil cadhnraí mar fhoinse cumhachta acu, m.sh. uaireadóir leictreonach, áis éisteachta digiteach.
• Ní cheadaítear d’éinne tobac a chaitheamh in aon chuid den eitleán roimh, le linn nó tar éis na heitilte.

Seirbhísí bia agus dí
Bíonn rogha leathan bia agus dí le fáil ar sheirbhísí Aer Lingus ar fud na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa – bia d’fheoilshéantóirí san áireamh. Ní mór íoc as deochanna de chuile chineál sna seirbhísí sin. Ní mór íoc as deochanna meisciúla inár gcuid seirbhísí tras-Atlantacha freisin, ach cuirtear deochanna neamh-mheisciúla ar fáil gan costas. Tá eolas ar chúl na hirise seo faoi na béilte agus na deochanna is féidir a cheannach.

Roinn an Post seo: