Cleachtadh eagarthóireachta 6: eagarthóireacht stíle

Tá treoir agus cleachtaí ar ghnéithe den eagarthóireacht stíle le fáil i gcaibidil 4 den leabhar In Ord is in Eagar le hAntain Mac Lochlainn (Cois Life, 2015). Seo thíos cleachtadh eile ina gcaithfear slacht a chur ar abairtí atá cruinn ó thaobh na gramadaí de ach atá lochtach ó thaobh na stíle de. Ní mór an fhoclaíocht agus/nó ord na bhfocal a athrú chun an débhríocht nó an doiléire a chur ar ceal, de réir an tsampla seo:

Buntéacs: Rinneadh tagairt i mbliana do na deiseanna fostaíochta a bheadh ann d’iarthar na hÉireann a bhuí d’fhás na teicneolaíochta i dtuarascáil taighde a d’fhoilsigh Fiontraíocht Éireann.

Athleagan: I dtuarascáil taighde a d’fhoilsigh Fiontraíocht Éireann i bliana, rinneadh tagairt do na deiseanna fostaíochta a bheadh ann d’iarthar na hÉireann a bhuí d’fhás na teicneolaíochta.

I ndiaidh duit atheagar a chur ar an sliocht, féach Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 6.

Ta leagan PDF den chleachtadh le fáil anseo.

Mná Míleata na hÉireann

Ba sa bhliain 1980 a tugadh cead do mhná dul isteach sna Fórsaí Cosanta, agus bunaíodh cór speisialta chuige sin. Chuaigh an chéad cheathrar isteach i gCór Seirbhíse na mBan nár mhair i bhfad ar an 10 Márta 1980. Cuireadh deireadh leis an gCór ar an 29 Deireadh Fómhair an bhliain chéanna. Ba é an polasaí a bhí ann go dtí sin gan ligean do mhná ról comhraic a bheith acu. Bhí an-chuid brú ann ó mhná laistigh de na Fórsaí Cosanta agus freisin ó lasmuigh díobh, rannpháirteachas iomlán a cheadú. Inniu, bíonn saighdiúirí mná rannpháirteach i ngach gníomhaíocht de chuid na bhFórsaí Cosanta (nó Óglaigh na hÉireann).

   ‘Tá poist de gach cineál oscailte do na mná anois,’ a deir an Captaen Pat O’Connor. ‘Tá naoscairí, píolótaí, meicneoirí agus liosta eile le háireamh ar mná iad ag obair san arm.’

   Tá líon na mban in Óglaigh na hÉireann ag ardú seasta. Le cúig bliana déag anuas tá an céatadán ardaithe ó 4% go 7.2%. Tá sin níos ísle ná an meán i bhfórsaí cosanta i bhformhór de na tíortha in Iarthar na hEorpa, a deir an tUasal O’Connor, ach tá sé difriúil in Éirinn mar gur féidir le mná cur isteach ar ról nó post ar bith, agus ní tharlaíonn sé sin i ngach tír. “Níl rud ar bith ann a dhéanann na fir nach féidir leis na mná a dhéanamh chomh maith céanna,” a deir Pat O’Connor. Áfach, tá tráchtairí ann a deir go bhfuil an céatadán 7.2% fós íseal. Tá a lán oibre le déanamh fós.

Roinn an Post seo: