Cuir i gcás go gcaithfidh tú cóipeagarthóireacht a dhéanamh ar an téacs seo thíos, i.e. gach botún litrithe agus gramadaí ann a cheartú. Iarradh ort cloí leis an gCaighdeán Oifigiúil tríd síos.

  • Léigh an téacs uair amháin ó thús deireadh gan rud ar bith a mharcáil.
  • Léigh arís go cúramach é agus cuir líne faoi gach leagan a mheasann tú a bheith mícheart nó neamhchaighdeánach agus faoi gach leagan atá le seiceáil agat. Gabh siar ar an téacs nó ar chodanna de chomh minic agus is gá.
  • Cuimhnigh nach bhfuil stíl an téacs le hathrú. Seans go bhféadfaí an prós a fheabhsú ach ní chuige sin atáimid.
  • Léigh tríd an téacs arís agus breac an leagan ceart nó an leagan caighdeánach os cionn na líne nó ar thaobh an leathanaigh.
  • Más i rang nó i seimineár atá an cleachtadh á dhéanamh, bí réidh le do chuid ceartúchán a mhíniú.
  • Cuir d’iarracht féin i gcomparáid le Nótaí ar chleachtadh eagarthóireachta 1.

Tá leagan PDF den chleachtadh le fáil anseo.

Taiscéalaí Éireannach

‘Bíonn siúlach scéalach,’ a deir an seanfhocal. Dar le duine gur ait an rud é gur fhan fear chomh siúlach le Tom Crean ina thost i ndiaidh na ngníomh gaisce a rinne sé i gcríocha reoite an Antartaigh i gcomhluadar laoch na taiscéalaíochta – Scott agus Shackleton.

I gCondae Chiarraí, sa bhliain 1877, a rugadh Tom Crean. Liostáil sé i gCabhlach Ríoga na Breataine nuair nach raibh sé ach cúig bliana dhéag. Is dócha gurbh éigean dó bliain nó dhó a chur lena aois cheart chun go mbeadh cead isteach sa Chabhlach aige. Ach bhí dúil san eachtraíocht aige, agus nuair a fuair sé cuireadh ó Robert Falcon Scott a bheith leis ar aistear taiscéalaíochta san Antartach, ba bheag an baol nach ndéanfadh sé an deis a thapadh.

Rinne Crean cion fir le linn an turuis sin, ag tarraingt charranna sleamhnáin agus ag iarraidh theacht ar thuiscint níos fearr ar luí na tíre. Chuaidh an tÉireannach óg i bhfeidhm go mór ar a chuid cinnirí Sasanacha. Ba é a scríobh Albert Armitage ina leabhar beathfhaisnéise Two Years in the Antarctic: ‘Bhí acmhainn mhaith ghrinn aige, agus méin shocair.’ Níorbh iontas ar bith é gur theastaigh ó Scott an Ciarraíoch a thabhairt leis ar aistear nua sa bhliain 1910. Ba é aidhm an aistir seo ná an Mol Theas a bhaint amach. Is iomaí leabhar a scríobhadh faoin eachtra mífhortúnach sin. Fuair Scott agus beirt dá chomrádaí bás lena linn. Bás a bhí i ndán do Edgar Evans agus William Lashly chomh maith, murach an siúl aonair a rinne Crean ar ais go dtí an campa, ag iarraidh tarrthála. Shiúil sé beagnach trí scór ciliméadar taobh istigh de 18 uair an chloig, in ainneoin an fhuaicht agus an ocrais.

Fós féin ní raibh a sháith ag Crean d’anró an Antartaigh. Is amhlaidh a phill sé ar na críocha fuara an tríú huair, i gcuideachta Ernest Shackleton. Chlis ar an aistear sin leis, i ndiaidh gur briseadh an bád sa phacoighear. Tá sé ar cheann de chora crua an tsaoil nár bhain an Ciarraíoch an Mol Theas amach ariamh

 

Roinn an Post seo: