Níl aon débhríocht ag baint le go leor a úsáid sa chiall cuid mhór más i ndiaidh an ainmfhocail a chuirtear é: Tá airgead go leor aige sin. Tuigtear as sin go bhfuil an t-airgead go fairsing aige. Ach féadann ciall eile a bheith le go leor nuair a chuirtear roimh an ainmfhocal é, mar shampla: Tá go leor airgid aige sin. D'fhéadfaí a thuiscint as sin go bhfuil a dhóthain airgid aige le haghaidh gnó éigin nach bhfuil luaite. Is fearr, i gcás mar sin, a lánneart nó focal den chineál sin a úsáid roimh an ainmfhocal.

Dar ndóigh, ní i gcónaí a bhíonn an débhríocht sin ann. Níl aon locht ar na habairtí seo thíos:

  • Bíonn go leor focal ag na daoine fásta nach mbainim meabhair ar bith astu. (Máirtín Ó Direáin, Feamainn Bhealtaine)
  • Agus bhí go leor daoine sa tír lena linn a rabh dóchas acu as an chruaidhe. (Séamus Mac Grianna, Thiar i dTír Chonaill)
Roinn an Post seo: