Is minic a mhícheartaítear leaganacha ar nós Cad é atá sé a dhéanamh? nó Ní hé sin an rud atá mé a mhaíomh. An mícheartú is coitianta a dhéantar ná á a chur in áit an a gairid: Cad é atá sé á dhéanamh? Is trí mhíthuiscint a dhéantar sin. Féach an dá shampla den struchtúr seo in FGB:

  • An rud atá sé a scríobh, what he is writing.
  • An fear atáthar a dhaoradh, the man who is being condemned.

Sa dá chás sin, tagann an t-ainm briathartha i ndiaidh an chuspóra – scríobh i ndiaidh rud agus daoradh i ndiaidh fear. Ní bheadh An rud atá sé ag scríobh ná An fear atáthar ag daoradh inghlactha ar chor ar bith.

Is é a theastaíonn ná an struchtúr a úsáidtear in abairtí infinideacha ar nós Is féidir liom carr a thiomáint, i.e. cuspóir + a + ainm briathartha. Séimhítear an t-ainm briathartha, má tá sé inséimhithe.

Á ba cheart a úsáid má dhéantar na habairtí a athscríobh mar seo: 

  • An rud atá á scríobh aige.
  • An fear a bhí á dhaoradh ag na breithiúna.
  • Cad é atá á dhéanamh ag Siobhán?
Roinn an Post seo: