Ní hannamh a fheictear abairtí lochtacha mar Tá tithe nua á thógáil ar bharr an chnoic, amhail is gurb í an tríú pearsa firinscneach, uimhir uatha a bhíonn i gceist i gcónaí. Ní hamhlaidh atá. Caithfear inscne agus uimhir a bheith de réir a chéile:

  • Tá teach nua á thógáil ar bharr an chnoic. (fir.)
  • Tá otharlann nua á tógáil ar bharr an chnoic. (bain.)
  • Tá tithe nua á dtógáil ar bharr an chnoic. (iolra)
Roinn an Post seo: