Is focal é seo a chuireann mearbhall ar scríbhneoirí, mar is léir ón sampla seo:

D'fhéadfadh údarás áitiúil polasaí a thionscnamh chun go ndéanfaí plé ar na hachainí oiriúnacha go léir.

Is cosúil gur tuigeadh don scríbhneoir gurb é achaine foirm uatha an ainmfhocail agus gurb é achainí an fhoirm iolra. De réir FGB, áfach, is leagan malartach den ainmfhocal achainí atá in achaine. Ainmfhocal uatha is ea achainí ó cheart. Seans gurb é an í ina dheireadh a chuireann cuma ainmfhocal iolra air. Déantar achainí amháin, mar sin, agus roinnt achainíocha.

Mar seo ba cheart an abairt a scríobh i dtéacs caighdeánach:

D'fhéadfadh údarás áitiúil polasaí a thionscnamh chun go ndéanfaí plé ar na hachainíocha oiriúnacha go léir.

Roinn an Post seo: