B'fhearr, ó thaobh na stíle de, gan abairt a thosú le áfach, mar atá déanta anseo:

Áfach, tá gá le fócas níos treise ar fhorbairt scileanna cumarsáide sa scoil ar fad.

Tá dhá shlí ann leis an abairt thuas a dheisiú:

  1. Ionad an fhocail áfach a aistriú: Tá gá, áfach, le fócas níos treise...
  2. Focal nó frása comhchiallach a chur i dtús na habairte, mar shampla bíodh sin mar atá, ina ainneoin sin, mar sin féin.
Roinn an Post seo: