Botún coitianta is ea abairtí mar seo: 

Maidir le bruscar a dhó, caithfear pionós a chur ar na daoine a bhíonn ag déanamh é. 

Is é ba chóir a bheith ann: 

Maidir le bruscar a dhó, caithfear pionós a chur ar na daoine a bhíonn á dhéanamh.

Nuair atá ainmfhocal ina chuspóir ag ainm briathartha, is gnách gur sa tuiseal ginideach a bhíonn sé: ag moladh cláir, ag labhairt Fraincise. Ach ní féidir forainmeacha mar muid nó é a chur sa ghinideach. Ní ag moladh mé atá sa Ghaeilge. Is amhlaidh a bhaintear úsáid as an réamhfhocal do in abairtí den chineál sin:

Bhí sé do mo mholadh
Bhí sé do do mholadh
Bhí sé á mholadh
Bhí sé á moladh
Bhí sé dár moladh
Bhí sé do bhur moladh
Bhí sé á moladh

Bheadh iontas ar dhuine, b’fhéidir, cár imigh an do sa tríú pearsa uatha agus iolra. Cloistear go fóill é sa chaint: Bhí sé dá mholadh. Cuirtear séimhiú air sin i gcanúintí áirithe: Bhí sé dhá mholadh. D’éirigh an d chomh lag sin gur ar éigean a chloistear é agus sin mar a tháinig leithéidí á mholadh ar an fhód. Á a scríobhtar i gcónaí de réir an Chaighdeáin Oifigiúil.

Tá struchtúr eile ann a chluintear go han-mhinic i nGaeilge Thír Chonaill: Bhí sé ag moladh s’agamsa. Cé gur struchtúr coitianta é sin, níl aon aitheantas tugtha dó sna graiméir ná sna foclóirí.

Tuilleadh eolais: an físeán Ag Déanamh É ar www.ceimaraghaidh.ie

Roinn an Post seo: