Tá fonn damhsa ann dar teideal Miss Scanlon’s a mbíonn an-tóir ag ceoltóirí traidisiúnta air. Cuireadh leagan de ar fáil faoin teideal Gaeilge Iníon Ní Scannláin. Níl aon chiall leis sin, mar is coimriú den fhocal iníon atá in . Is é ba cheart a bheith ann ná Iníon Uí Scannláin.  Dá mbeadh Miss McLeod’s Reel le haistriú go Gaeilge, is é a bheadh ann Ríl Iníon Mhic Leoid.

Ní chuireann an réamhlitir h le sloinnte a thosaíonn le guta. Ní Pádraigín Ní hUallacháin ba cheart a scríobh, ach Pádraigín Ní Uallacháin.

Roinn an Post seo: