Ní ceart Fionn Mac CumhaillCormac Mac Airt a scríobh. Níl feidhm le ceannlitir ar mac nuair nach sloinne ceart atá ann. Is iad Fionn mac Cumhaill, Cormac mac Airt srl. na leaganacha stairiúla.

Ní bhíonn séimhiú idir c agus g i sloinnte: leabhar Sheáin Mhic Corraidh, Bríd Bean Mhic Grianna.*

*Tá sin amhlaidh in ainneoin sampla in CO 1958 (:87) a thabharfadh le fios gur cheart séimhiú a bheith ann: teach Sheáin Mhic Chárthaigh. Ceartaíodh sin sna heagráin is déanaí den CO (10.2.11): 'Ní iondúil cg a shéimhiú ar lorg MhicNic, e.g., teach Sheáin Mhic Cárthaigh.'

Roinn an Post seo: