Cé go ndéanfadh go háirithe cúis bhreá le especiallyparticularly a chur in iúl, is minic a chuirtear an focal ach leis. Seo, mar shampla, treoir a cuireadh ar dhaoine maidir leis an ghalar crúibe is béil:

Bí cinnte go níonn agus go ndífhabhtaíonn gach cuairteoir iad féin, a gcoisbheart agus a lámha ach go háirithe, mar aon lena bhfeithiclí.

Ní hamháin nach gá an focal breise, ach is amhlaidh a athraíonn sé ciall an natha. Is é an sainmhíniú a thugann FGB ar ach go háiritheanyway, at any rate. De réir na tuisceana sin, d'fhéadfaí an abairt thuas a aistriú mar seo:

Ensure that all visitors wash and disinfect themselves, their footwear and hands at any rate, as well as their vehicles.

Shílfeá gur cúram breise atá ann aon rud eile a ní seachas na bróga agus na lámha, Ní dócha gurbh é sin a bhí ar intinn an údair.

Féach mar a úsáideadh ach go háirithe in Na hAird Ó Thuaidh le Pádraig Ua Maoileoin:

  • Ar nós gach báid seoil dá leithéid, bhí ábhar oifigeach ag déanamh a gcúrsa traenála ar bord uirthi seo, agus focail Bhéarla acu, oiread agus a dhéanfadh a ngnó, ach go háirithe.
  • Ach go háirithe, níorbh fhada gur dhein broiceallach maith fir de féin agus gur phós sé ar bhean mhuinteartha.

 

Roinn an Post seo: