B’fhéidir go mbeadh scríbhneoirí in amhras faoi inscne an fhorainm réamhfhoclaigh in abairtí mar seo:

Seo an áit a bhfuil mo chroí ann.

Má tá an forainm ag tagairt siar don ainmfhocal ‘áit’, nár cheart iad a bheith de réir a chéile ó thaobh inscne de, mar seo:

Seo an áit a bhfuil mo chroí inti.

Tharla gur forainm firinscneach a ghabhann le ‘áit’, de réir mar a mhínítear in GGBC (13:22):

Forainmneach firinscneach a ghabhann leis na focail áit, uair (am): is é an áit is fearr é; sin é an uair a cailleadh an fear bocht.

A fhianaise sin na samplaí seo ar www.focloir.ie:

  • ní hé an áit is measa é
  • is áit mhór do lucht an cheoil é

Dá réir sin, is ‘ann’ an forainm réamhfhoclach a ghabhann le ‘áit’.

Dar ndóigh, d’fhéadfaí an abairt a scríobh ar bhealach eile ar fad:

  • Seo an áit ina bhfuil mo chroí.
  • Seo an áit a bhfuil mo chroí.
Roinn an Post seo: