Is i sainréimsí amhail an leigheas nó an ríomhaireacht is mó a úsáidtear logánta, mar shampla, local anaesthetic/ainéistéiseach logánta. Tá blas rótheicniúil ar logánta in abairtí den chineál seo:  

Is éard is aidhm leis sin feasacht a mhúscailt i measc an phobail logánta faoi na háiseanna turasóireachta atá ar fáil sa bhaile.

Chuirfeadh áitiúil comaoin ar an abairt sin, ach b'fhearr í a athscríobh mar seo:

Is éard is aidhm leis sin feasacht a mhúscailt i measc mhuintir na háite faoi na háiseanna turasóireachta atá ar fáil sa bhaile.

Roinn an Post seo: