Rómhinic a úsáidtear amach díreach mar a úsáidtear out i gcora cainte Béarla. D’fhéadfaí a mhaíomh go bhfuil leaganacha áirithe seanbhunaithe faoin am seo, ach is annamh nach mbíonn friotal níos dúchasaí le fáil. 

  • Thosaigh gach fiontraí clúiteach amach beag. 
  • An óráid mhíchlúiteach sin ina ndearna Mrs Thatcher athaontú, comhúdarás agus socrú feidearálach a rialú amach. 
  • Shíl Aontachtaithe ag an am gur díoladh amach iad agus go raibh a gcearta á sárú ag Náisiúnaithe.
  • Ní féidir a shéanadh go bhfuil ceisteanna eile ann, an dífhostaíocht, cuir i gcás, nach mór dúinn a shórtáil amach.
  • Go follasach, choinnigh na páirtithe polaitíochta amach as an cheist achrannach.

Dar liomsa, b'fhearr na habairtí sin a athscríobh mar seo:

  • Fiú amháin na fiontraithe is clúití, is de réir a chéile a rinne siad a ngnó a fhorbairt.
  • An óráid mhíchlúiteach sin inar dhiúltaigh Mrs Thatcher d'athaontú, do chomhúdarás agus do shocrú feidearálach.
  • Shíl Aontachtaithe ag an am go ndearnadh feall orthu agus go raibh a gcearta á sárú ag Náisiúnaithe.
  • Ní féidir a shéanadh go bhfuil ceisteanna eile ann, an dífhostaíocht, cuir i gcás, nach mór dúinn a réiteach.
  • Is follasach nach ndeachaigh na páirtithe polaitíochta i ngleic leis an cheist achrannach.
Roinn an Post seo: