Is minic a úsáidtear amháin san áit a mbeadh struchtúr diúltach níos oiriúnaí. Féach an abairt Bhéarla Ticket-holders only will be admitted agus an t-aistriúchán Gaeilge Ligfear isteach sealbhóirí ticéid amháin. Is deacair brí na habairte Gaeilge a dhéanamh amach. An é go gcaithfidh daoine ticéad amháin a bheith acu? B’fhearr go mór Ní ligfear isteach ach sealbhóirí ticéid.

Is deacair ciall a bhaint as abairtí mar 5% den phobal a d’admhaigh go raibh an Ghaeilge amháin acu. Is é a thuigfeadh daoine as sin ná 5% of the population admitted to having the same (kind of) Irish. Ba shlachtmhaire go mór: 5% den phobal a d’admhaigh nach raibh acu ach Gaeilge.

Scríobh an tAthair Peadar Ua Laoghaire nóta spéisiúil faoi ghné eile d’úsáid an fhocail seo in Notes on Irish Words and Usages:

'Do tharla, lá, etc. It happened one day. Note: no preposition before lá. Aon lá amháin is only used when it is necessary to distinguish the ‘one day’ from more days than one.'

Corruair, úsáidtear amháin sa chiall áirithe:

There is one thing I still don’t understand.

Tá rud amháin ann nach dtuigim fós.

Níl aon locht air sin, ach caithfear a bheith cúramach gan amháin a úsáid sa chiall sin nuair is rud eile ar fad atá i gceist:

She could never make her mind up about anything.

Ní raibh sí riamh ábalta cinneadh a dhéanamh faoi rud amháin.

Is é an chiall atá leis an abairt Ghaeilge ná There was one thing about which she could never make up her mind. Caithfear cur chuige ar shlí eile chun an chiall a thabhairt slán:

Ní raibh sí riamh ábalta cinneadh a dhéanamh faoi oiread agus rud amháin.

Roinn an Post seo: