B’fhearr, ó thaobh na stíle de, gan amhlaidh a úsáid mar chuspóir mar atá déanta san abairt seo thíos:

  • Choinnigh an Bhreatain a hairgeadra féin agus d’fhéad an tír seo amhlaidh a dhéanamh.
  • Tá ár mbunscoileanna ag gnóthú níos fearr ná scoileanna ina lán tíortha eile, ní féidir amhlaidh a rá faoi roinnt dár n-iar-bhunscoileanna.

Is deise, dar liomsa, amhlaidh a úsáid mar dhobhriathar nó malairt friotail a aimsiú:

  • Choinnigh an Bhreatain a hairgeadra féin agus d’fhéad an tír seo déanamh amhlaidh.
  • Tá ár gcuid bunscoileanna ag gnóthú níos fearr ná scoileanna ina lán tíortha eile ach ní féidir an rud céanna a rá faoi roinnt dár gcuid iar-bhunscoileanna.

Is coibhneas díreach a leanann amhlaidh sa teanga fhoirmeálta.

Is amhlaidh gur shéan siad na líomhaintí.

Is é an leagan caighdeanach:

Is amhlaidh a shéan siad na líomhaintí.

Roinn an Post seo: