Seán Mac Maoláin (1957), a bhaist 'an abairt chiotach' ar abairtí fada den chinéal seo thíos, ina ndéantar an briathar a athlua i ndeireadh na faisnéise:

Maireann an tréimhse ghoir, is é sin an t-am idir ócáid an ionfhabhtaithe agus na chéad airíonna teacht chun cinn, maireann sí deich lá ar an mheán.

Ní hé go bhfuil abairtí den chineál sin 'mícheart' ach is furasta an t-athlua a sheachaint. Níl le déanamh ach an clásal cuí a aistriú go dtí tús na habairte:

Deich lá, ar an mheán, a mhaireann an tréimhse ghoir - is é sin an t-achar idir ócáid an ionfhabhtaithe agus na chéad airíonna teacht chun cinn.

Roinn an Post seo: