Déanann na haidiachtaí sealbhacha Gaeilge an t-ainmfhocal a shainiú ar bhealach nach ndéanann a macasamhail sa Bhéarla. D'fhéadfaí a thuiscint as D’ith mé lón le mo chara nach bhfuil de chairde agat ar an saol seo ach duine amháin. Tá an débhríocht chéanna le brath ar Is é Seán a dheartháir, a thugann le fios nach bhfuil de dheartháireacha ag an duine ach Seán. D’fhéadfaí an débhríocht a sheachaint dá scríobhfaí D’ith mé lón le cara nó le cara de mo chuid. Is féidir na réamhfhocail le agus do a úsáid chomh maith chun an bhrí a shoiléiriú: 

  • Thug mé an leabhar ar iasacht do chara dom. 
  • Is deartháir dó Seán.

I mBéarla na hÉireann, is minic a úsáidtear an t-alt san áit a mbeadh aidiacht shealbhach ag Béarlóirí as tíortha eile. Deirtear, mar shampla, Have you met the brother? in áit Have you met my brother? Macalla Gaeilge is ea an nós sin, agus tá difear mór idir úsáid na bhfocal sin sa Ghaeilge agus sa Bhéarla. D’fhéadfadh ógánach Sasanach There are seven in my family a rá agus thuigfí gur ag tagairt dá athair, dá mháthair, dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha atá sé, agus nach eisean an t-athair. Tá débhríocht ag baint le Tá seachtar i mo theaghlach, áfach, nó thugann an focal mo le fios go láidir gur tuismitheoir atá sa chainteoir agus gur leis an teaghlach. Sheachnófaí an débhríocht sin dá ndéarfaí Tá seachtar sa teaghlach.

Roinn an Post seo: