Corruair, baineann foclóirithe agus téarmeolaithe leas as deirí éagsúla aidiachtúla chun cialla éagsúla a chur in iúl. Gné chaolchúiseach den teanga scríofa atá ann. Seans nach léir don ghnáthdhuine go bhfuil difear céille idir éifeachtach agus éifeachtúil, cuir i gcás, ach is amhlaidh atá ciall faoi leith ag gach focal acu sa teanga fhoirmeálta.

Cógas ar bith a leigheasann daoine breoite, is amhlaidh atá sé éifeachtach, is é sin baineann sé an toradh inmhianaithe amach. Má bhaineann sé an toradh sin amach ar bheagán costais, gan mórán réamhchúraim ná iarchúraim, is amhlaidh atá sé éifeachtúil. Freagraíonn éifeachtach/éifeachtúil don phéire effective/efficient sa Bhéarla.

Go minic, is de bharr cúrsaí canúna a bhíonn deirí aidiachtúla éagsúla ann. Níl difear céille idir ócáideach agus ócáidiúil, mar shampla; níl ann ach gurb é ócáideach an leagan caighdeánach den fhocal agus go bhfuil ócáidiúil ina leagan malartach. In amanna eile, áfach, bíonn difear céille ann a chaithfear a thabhairt slán.

Níor roghnaíodh an deireadh aidiachtúil ceart sna samplaí lochtacha seo thíos:

  1. Is cathair é Baile Átha Cliath a bhfuil scéal spreagthach aige.
  2. Áitreabh a cuireadh ar fáil don Chumann ar chíos ainmneach.
  3. Pléann Munday an anailís dioscúrsa nó teangeolaíocht fheidhmiúil de réir shamhail Michael Halliday.

Seo míniú ar na lochtanna sna habairtí:

  1. Úsáidtear an téarma spreagthach san oideachas agus sa tsíceolaíocht sa chiall stimulating, motivating. B'fhearr go mór an gnáthfhocal spreagúil sa chomhthéacs seo.
  2. Téarma gramadaí is ea ainmneach (nominative). Más nominal atá i gceist, is é ainmniúil ba cheart a úsáid.
  3. Is ionann rud a bheith feidhmiúil agus é a bheith in-úsáidte. Ní hionann sin agus feidhmeach (i bhfeidhm, gan a bheith teoiriciúil). An teangeolaíocht fheidhmeach, mar sin, a thugtar ar applied linguistics.

 

Roinn an Post seo: