D’fhéadfadh níos mó ná ainm briathartha amháin fás as briathar faoi leith. Cuir i gcás, ní hé scrúdú an t-aon ainm briathartha a díorthaíodh ón bhriathar scrúdaigh:

  • Tá HETAC thar a bheith buíoch den Ghrúpa Oibre ar Scrúdúchán
  • Tá an Bord um Scrúdóireacht Fhoilseachán bunaithe faoi na hAchtanna um Scrúdóireacht Fhoilseachán, 1929 go 1967.
  • Ar an dara dul síos: ní mór dúinn ár luachanna daonlathacha a chosaint i saol ina mbíonn ról níos láidre fós ag an scrúdán a dhéanann an pobal. 

Téann sé deacair ar scríbhneoirí Gaeilge il-leaganacha den chineál sin a úsáid go slachtmhar. Is le dua a aithnítear aon difear céille eatarthu. De réir GGBC (17.2), bíonn ‘leanúnachas, minicíocht, teibíocht, torann, treise, etc.’ i gceist le leaganacha fada mar scrúdúchán agus scrúdóireacht, is é sin go gcuireann siad próiseas in iúl seachas gníomh aonair. Is minic a thugtar an sampla úsáide léamh agus léitheoireacht chun an dealú céille sin a shoiléiriú:

  • Bhí a hathair ag léamh an nuachtáin.
  • Cuireann an léitheoireacht le tuiscint an pháiste ar an teanga.

Ní fhéadfaí léamh agus léitheoireacht a mhalartú ar a chéile sna samplaí sin. Níl aon dealramh le Bhí a hathair ag léitheoireacht an nuachtáin. Rómhinic ar fad, áfach, a úsáidtear an t-ainm briathartha fada san áit arbh fhearr an leagan gairid simplí:

  • Is é an míniúchán a tugadh ná gur “earráid” a bhí i gceist. (míniú)
  • Tá Comhairle Óige an Iúir agus Mhúrn ag earcaíocht baill nua. (ag earcú)
  • ...ag cantaireacht na bhfocal le chéile agus ag déanamh na ngníomhartha. (ag canadh)

Cén difear, mar sin, atá idir míniú agus míniúchán? De réir na leabhar, úsáidtear an deireadh sin -chán chun dealú idir:

  1. Gníomh: Bhí sí ag aistriú scripteanna teilifíse; Tá an scéal á fhiosrú ag na Gardaí.  
  2. An táirge nó an toradh: Chuireadh sí na haistriúcháin ar fáil faoin spriocam; Tá torthaí an fhiosrúcháin réidh le foilsiú.

Ní raibh an scéal riamh chomh simplí sin, áfach, mar is minic a úsáidtear an t-ainm briathartha simplí chun trácht ar an phróiseas agus ar an toradh araon. Níl locht ar bith ar leithéidí Tá léiriú iontach sa leabhar ar mheon na linne ná Rinneadh fiosrú agus foilsíodh na torthaí. Corruair, is féidir na focail a mhalartú ar a chéile. Bheadh Rinneadh fiosrúchán agus foilsíodh na torthaí iomlán ceart. B’ait leat, áfach, Tá léiriúchán iontach sa leabhar...

Tá eagla orm nach féidir comhairle a chur ar scríbhneoirí seachas a rá gur ceist ghnáthúsáide a bhíonn ann go minic. Déantar scrúdú seachas scrúdúchán. Déantar ceapachán conspóideach ar bhord stáit seachas ceapadh conspóideach. Is minic chomh maith a bhíonn cuma ait ar uimhir iolra an ainm bhriathartha. Tá cleachtadh againn ar chinn áirithe (scrúduithe, fiosruithe) ach bheifí ag doicheall roimh leithéidí Is léirithe iontacha iad sinAn ndearnadh na ceartuithe fós? Is deise léiriúcháin agus ceartúcháin sa dá chás sin.

Corruair, téann aistritheoirí oifigiúla i muinín leaganacha fada den ainm briathartha chun débhríocht a sheachaint. Go minic, ní bhíonn débhríocht thromchúiseach ar bith i gceist i ndáiríre. An té a léifeadh trealamh díchódaithe, is dócha go dtuigfeadh sé gur trealamh le haghaidh díchódú atá ann, murab ionann agus decoded equipment. D’fhéadfadh débhríocht níos tromchúisí a bheith ann, áfach, i gcás nach mbeadh an comhthéacs díreach chomh soiléir. Sampla atá ag Maolmhaodhóg Ó Ruairc (Aistrigh Leat: 18) ná certificate of conformity/deimhniú comhlíonta. Is le dua a bhainfí brí ar bith as an leagan Gaeilge ach, dá mbainfí, is baolach gur fulfilled certificate nó a leithéid a bheadh ann. Tugtar deimhniú comhréireachta ar a leithéid anois le teacht slán ar an débhríocht.

Má fheictear don scríbhneoir go bhfuil débhríocht thromchúiseach ag baint leis an deireadh sin -ithe, moltar leas a bhaint as an fhoirceann -úcháin (trealamh díchódúcháin). Is fearr a bheith spárálach leis, dar liomsa; faighimse blas na cumadóireachta ar leaganacha mar ionad scrúdúcháin. An bhfuil aon duine beo a shílfeadh gur examined centre atá in ionad scrúdaithe? Ná ní deacair cleasa eile a aimsiú chun an débhríocht a ruaigeadh. Más funding agency atá le haistriú, agus más dóigh leis an aistritheoir go bhfuil gníomhaireacht mhaoinithe débhríoch (a funded agency?), d’fhéadfaí gníomhaireacht mhaoiniúcháin a scríobh nó leagan níos timchaintí a úsáid: gníomhaireacht a chuireann maoiniú ar fáil.

Ceapadh leaganacha aisteacha eile mar réiteach ar fhadhb seo na débhríochta. Fuarthas locht ar ciste forbartha agus cuireadh ciste forbraíochta ina áit. Ní dóigh liomsa go bhfuil débhríocht thromchúiseach ar bith in ciste forbartha ná gur baol d’aon duine a developed fund a thuiscint as.

 

Roinn an Post seo: