Is ionann foirm do ól agus ceol is cuma feidhm ainmfhocail nó feidhm aidiacht bhriathartha atá leo. Ach is iondúil a chuirtear foirceann éigin le modh ordaitheach an bhriathair chun an t-ainm briathartha a chur ar fáil:

  • gearr > gearradh
  • críoch > críochnú
  • caith > caitheamh

I gcanúintí áirithe, is mar a chéile a fhuaimnítear -ú, -adh agus -amh. Is mar gheall air sin, b’fhéidir, a scríobhtar a leithéid seo:

  • Dá mba mhaith leat éileamh ón aimsir uafásach seo cá háit a rachfá? (éalú)
  • Bhí muid ag cleachtú go crua don lá seo. (ag cleachtadh
  • Cuirfidh an Coimisiún san áireamh freisin go bhféadfaí na tionscadail a leathnadh amach chun Ballstáit eile. (a leathnú)
  • Is scil breise é atá ag an duine sin seachas duine eile agus ba cheart iad a chúitiú as an scil sin a bheith acu. (a chúiteamh)
  • Déanfaimid athbhunadh ar an mBord um Chúiteamh Gortaithe Coiriúil. (athbhunú)

Réimniú an bhriathair is tábhachtaí sa ghné seo den Ghaeilge scríofa. Is le briathra den chéad réimniú a úsáidtear an foirceann –adh.  Ní deacair do scríbhneoirí an réimniú ceart a aithint i gcás briathra a bhfuil siolla amháin iontu sa mhodh ordaitheach, mar shampla: dún > dúnadhbris > briseadh. Tharla, áfach, go bhfuil roinnt briathra ilsiollacha sa chéad réimniú chomh maith. Seo iad na trí fhocal is minice a mhílitrítear le foirceann –ú:

  • adhlaic > adhlacadh
  • ceiliúir > ceiliúradh
  • seachaid > seachadadh

Ní i gcónaí a aithníonn scríbhneoirí gur ag plé le comhfhocail atá siad. Bíodh is gur imdhíon, leithdháil agus snáthaidpholl atá i modh ordaitheach na mbriathra seo thíos, níl i gceist ó thaobh réimniú de ach díon, dáil agus poll.

  • Is instealladh é sin chun imdhíonú in aghaidh bruitíní, leicní agus na bruitíní deirge. (imdhíonadh)
  • Airgead poiblí a leithdháiliú san áit is mó luach. (a leithdháileadh)
  • Má tá sé ar intinn agat polladh cluaise, colainne, tatú nó snáthaidphollú a fháil. (snáthaidpholladh)

Fadhb bheag eile nach mbíonn an CO agus na canúintí Gaeilge de réir a chéile ó thaobh réimniú briathra de. Más téacs lánchaighdeánach a theastaíonn, is furasta teacht ar fhoirm chaighdeánach an ainm bhriathartha ar www.teanglann.ie/ga.

Roinn an Post seo: