Is deacair do léitheoirí brí a bhaint as abairtí ina mbíonn ainmneacha briathartha i ndiaidh a chéile:

  • Rinne sé an t-airgead a fuair sé ón suíomh a dhíol a chaitheamh go cliste.
  • Ó thaobh na polaitíochta de, ní mór feachtas ar bith ina ndéantar sibhialtaigh a mharú a cháineadh.

Is furasta slacht a chur ar abairtí den chineál sin:

  • An t-airgead a fuair sé ón suíomh a dhíol, rinne sé é a chaitheamh go cliste.
  • Ó thaobh na polaitíochta de, ní mór cáineadh a dhéanamh ar fheachtas ar bith ina ndéantar sibhialtaigh a mharú.

 

 

Roinn an Post seo: