Níl difear céille arbh fhiú trácht air idir leaganacha mar deireadh na seachtaine agus an deireadh seachtaine. Ní miste an t-alt a bheith i dtús nó i lár an aonaid chéille. Tá claonadh áirithe i gcanúint Chúige Uladh an t-alt a chur i lár baill (rannóg na gcuntas seachas an rannóg cuntas), ach níl difear suntasach céille idir an dá leagan.

Ní hionann sin agus a rá, áfach, gur cuma faoi ionad an ailt i ngach cás. Más dlúthchuid den ainm é an t-alt (An Ghaeltacht, an tAontas), is i lár baill a bhíonn an t-alt:

  • Raidió na Gaeltachta
  • Acht an Aontais
Roinn an Post seo: