Déantar rócheartú ar abairtí mar iad seo thíos, in ainneoin iad a bheith láncheart:

  • Nuair do shroich an bád an caladh, dúirt na daoine go raibh bean uasal inti, ach ba í bean í ná máistreás scoile.
  • In áit beannú dó mar ba ghnách, is é rud a bhí siad ag seitgháirí thall is abhus. Chuir seo iontas air.

Bíonn cathú ar eagarthóirí an t-alt a bhreacadh isteach sna samplaí sin: ba í an bhean í agus is é an rud a bhí siad ag seitgháirí. Dar leo go dteastaíonn an t-alt de réir an mhúnla seo: Is é an múinteoir é.

In abairtí copaile den chineál thuas, ní miste an t-alt a fhágáil ar lár roimh an ainmfhocal atá á cháiliú sa chlásal a leanann é. Casadh i ngnáth-chomhréir na Gaeilge atá ann a úsáidtear chun cur síos ar rudaí a bhainfeadh preab as duine nó chun treise a chur le smaoineamh. 

De réir FGB, tá is é rud ina leagan malartach de is éard.

Roinn an Post seo: