Tá drochaimsir ann, a deir daoine ag trácht ar fhuacht agus ar bháisteach. Ní bheadh aon chiall le Tá drochaimsir. Tá ann riachtanach chun in existence, present a chur in iúl. Mar sin féin, tá droch-chlaonadh ann an focal ann ar lár in abairtí fada:

  • Má bhíonn folúntas, rachfar i dteagmháil le baill an phainéil. (Má bhíonn folúntas ann...)
  • Is cuimhin liom é mar a bheadh an lá inné. (mar a bheadh an lá inné ann)
  • Tuigeann sé/sí ag aois an-óg go bhfuil níos mó ná bealach amháin chun cur síos ar rud. (go bhfuil níos mó ná bealach amháin ann)

 

Roinn an Post seo: