Ní hannamh a scríobhtar abairtí ar an múnla seo: 

Rinne mé ar mhaithe na tíre é. 

Is cosúil go measann daoine gur réamhfhocal comhshuite é ar mhaithe agus gur cheart foirm an ghinidigh teacht ina dhiaidh. Ní hamhlaidh atá. Ní mór an réamhfhocal le a chur le ar mhaithe, mar seo:

Ar mhaithe leis an tír a rinne mé é.

Roinn an Post seo: