Is gnách an fhoirm threise den fhorainm a úsáid leis na focail ar agus arsa:

  • ‘Bhí suim agam i ngné na carthanachta daonnúla den scéal; tá imshuí i bhfeidhm agus cosc ar chúnamh dul isteach go Gaza,’ ar sé. (ar seisean)
  • ‘Raight, a chailín,’ arsa sí. (arsa sise)

Is le forainmneacha amháin a úsáidtear ar: ar seisean, ar sise srl. Ní bhíonn ainm dílis ina dhiaidh:

'Tá sé in am dúinn an bóthar a bhualadh,' ar Peadar. (arsa Peadar)

Roinn an Post seo: