Tá claonadh ann, in aistriúcháin ó Bhéarla, an focal araon a úsáid gach áit a bhfuil both sa Bhéarla. Go deimhin, scríobhtar araon áit ar bith a bhfuil dhá pháirtí luaite, bíodh both ann nó ná bíodh:

This is good news for individuals and groups involved in community work.

Is dea-scéal é seo do dhaoine agus do ghrúpaí araon atá páirteach in obair phobail.

Caithfidh an t-aistritheoir nó an scríbhneoir Gaeilge machnamh a dhéanamh ar cé chomh tábhachtach is atá focail mar bothequally san abairt. B’fhearrde an abairt thuas araon a fhágáil ar lár.

Is dea-scéal é seo do dhaoine agus do ghrúpaí atá páirteach in obair phobail.

Roinn an Post seo: