Sa leabhar Lorg an Bhéarlachaith Seán Mac Maoláin amhras ar leaganacha mar seo: Bhí aimsir bhreá ann an samhradh seo caite, ach tá an samhradh seo níos fearr arís.

Mhaígh Mac Maoláin gur faoi thionchar an Bhéarla better again a scríobhtar arís sa chomhthéacs sin agus nach bhfuil an chiall chomparáideach sin ag an fhocal ó cheart. Go deimhin, thiocfadh a mhaíomh go bhfuil an abairt thuas fíorlochtach mar go dtugann sí le fios go bhfuil samhradh na bliana níos fearr an athuair – ráiteas nach bhfuil dealramh ar bith leis.

Is fiú a lua, áfach, go bhfuil an chiall still luaite le arís in FGB: 'Níos fearr arís, better still.'

Bíodh sin mar atá, d’fhéadfadh arís a bheith ina údar mearbhaill in abairtí ina bhfuil tagairtí do phointí ama: Bhí sí níos áille arís anuraidh.

I gcás ar bith, b'fhurasta an abairt shamplach a athscríobh:

Bhí aimsir bhreá ann an samhradh seo caite, ach tá an samhradh seo níos fearr fós.

Mar fhocal scoir, is spéisiúil mar a seachnaíodh arís agus fós in aistriúcháin mar seo:

    I ask no pity and, what is better still, no one ever offers me any.

    Ní raibh mé ag iarraidh trua, agus rud ab fhearr ná sin, níor iarr aon duine trua a dhéanamh domh.

    (Teacht fríd an tSeagal, Seosamh Mac Grianna a d’aistrigh.)

Roinn an Post seo: