Corruair, bíonn fadhbanna aimsire ag baint le habairtí mar seo:

Ní mór don Rialtas cloí leis na treoracha atá leagtha síos ag an AE.

De ghnáth, is gníomh aon uaire a bhíonn i gceist le haidiachtaí briathartha ar nós leagtha. Shílfeá go ndearna an AE treoracha a leagan síos uair amháin go díreach. Más gníomh leanúnach ag an AE treoracha a leagan síos, is fearr a d'fhóirfeadh an aimsir ghnáthláithreach:

Ní mór don Rialtas cloí leis na treoracha a leagann an AE síos.

Ach cá bhfios nach bhfuiltear ag trácht ar threoracha atá le leagan síos san am atá le teacht? Más amhlaidh atá, is fearr a d'fhóirfeadh an aimsir fháistineach: 

 Ní mór don Rialtas cloí leis na treoracha a leagfaidh an AE síos.

Is deacair, cheal comhthéacs, fios a bheith againn cén aimsir is fearr. 

Is é an réiteach a bhíonn ag aistritheoirí oifigiúla air sin ná leas a bhaint as arna:

Ní mór don Rialtas cloí leis na treoracha arna leagan síos ag an AE.

Le fírinne, tá iarracht láidir den aimsir chaite ann (ar = iar sa chiall tar éis + aidiacht shealbhach), ach ó tharla nach léir sin don ghnáthléitheoir, meastar é a bheith neodrach ó thaobh na haimsire de. Roghnaigh Maolmhaodhóg Ó Ruairc an sampla arna fhoilsiú ag an rialtas chun an úsáid seo a mhíniú:

‘Níl aon aimsir i gceist óir is staid bhuan atá clúdaithe, saothar ar bith a d’fhoilsigh an rialtas riamh nó a fhoilsíonn sé inniu nó a fhoilseoidh sé amárach.’               Aistrigh Leat: 83

Is gné shuntasach de Ghaeilge na reachtaíochta an arna sin, ach is fearr a bheith spárálach leis i dtéacsanna neamhoifigiúla.

Roinn an Post seo: