Úsáidtear an briathar saor ar chomharthaí poiblí ag treorú do dhaoine seo nó siúd a dhéanamh:

  • Ná caitear tobac.
  • Ná siúltar ar an bhféar.
  • Tógtar cóip.

Le tamall anuas, feictear dom gur mó a úsáidtear foirm dara pearsa uatha an mhodha ordaithigh. Seans go measann scríbhneoirí sé sin a bheith níos gonta agus níos simplí.

  • Ná caith tobac.
  • Ná siúil ar an bhféar.
  • Tóg cóip.
Roinn an Post seo: