Nuair a úsáidtear an saorbhriathar, is gnách go dtuigtear ciall leanúnach ghnách a bheith leis, mar atá sna samplaí seo thíos:

  • Cuirtear i leith an tSeanaid go minic gur beag a bhaintear amach sa seomra uachtarach i dTeach Laighean. (Is achasán coitianta é.)
  • Luaitear cogaíocht shíoraí oirdheisceart na hEorpa mar shampla den dochar a dhéanann an náisiúnachas. (Is minic a bhíonn trácht ar an ghné sin den scéal.)

Amach ó táthar agus bítear, is ionann foirm an tsaorbhriathair san aimsir láithreach agus san aimsir ghnáthláithreach araon. Ní i gcónaí, mar sin, a oireann an saorbhriathar chun trácht ar ghníomh aon uaire nó ar staid neamhleanúnach, neamhbhuan, mar atá sna sampla seo:

  • Tagann sé seo sna sála ar fhiosrúchán faoi mhí-iompar gnéis a chuirtear i leith cheannaire an pháirtí.
  • Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an té a luaitear thuas.

Bheadh faitíos orm a mhaíomh go bhfuil na leaganacha thuas mícheart amach is amach, ach bheadh iontas ar an léitheoir cé chomh minic a d’fhéadfadh polaiteoir a bheith sáite i gconspóidí mí-iompar gnéis. I dtaca leis an dara sampla, níl an comhairleoir dlí luaite ach uair amháin. B'fhearr na habairtí samplacha a athscríobh mar seo:

  • Tá sé seo ag teacht sna sála ar fhiosrúchán faoi mhí-iompar gnéis atá curtha i leith cheannaire an pháirtí.
  • Is comhairleoir dlí ar fhoireann na Roinne Oideachais agus Eolaíochta é an té atá luaite thuas.

B’fhurasta dul thar fóir leis seo agus locht a fháil ar leaganacha seanbhunaithe mar Tuairiscítear go bhfuil na hairí nua roghnaithe ag an Taoiseach. Bíodh sin mar atá, ní miste do scríbhneoirí a bheith airdeallach faoi dhébhríocht a d’fhéadfaí a bheith ann mar gheall ar úsáid an tsaorbhriathair.

Roinn an Post seo: