Úsáidtear an briathar saor nuair nach bhfuiltear ag iarraidh tagairt do ghníomhaí ar bith, nó nuair nach eol cé hé an gníomhaí. Goideadh an t-airgead, a déarfá nuair nach mian leat an ghadaíocht a chur i leith aon duine. Ní hinmholta, mar sin, gníomhaí a lua leis an bhriathar shaor, mar shampla Leagadh ag gluaisteán é. Níl an briathar ‘saor’ níos mó má luaitear gníomhaí (gluaisteán) leis. Is dócha gurb é an struchtúr Béarla He was knocked down by a car is cúis lena leithéid. Is í an aimsir chaite shimplí is fearr a oireann: Leag gluaisteán é

Tá an locht céanna ar na samplaí seo:

  • Eagraíodh an fhéile ag dream beag daoine.
  • Cáineadh an Rialtas ag an bhfreasúra.

Is furasta iad a chur ina gceart ach an aimsir chaite a roghnú:

  • Dream beag daoine a d’eagraigh an fhéile.
  • Rinne an freasúra an Rialtas a cháineadh.

Tá comhthéacsanna ann ina mbeadh saorbhriathar + ag + gníomhaí láncheart.

  • Ceistíodh ag na Gardaí í. (Ceistíodh í agus í á coimeád ag na Gardaí.)
  • Oileadh ag na Bráithre Críostaí é. (Agus é ar scoil ag na Bráithre.)

Sa tseanlitríocht, gheofar leaganacha ar an mhúnla seo: saorbhriathar + le + gníomhaí. Féach, mar shampla Leis a rinneadh feis Teamhrach ar dtús. Ach ní cuid de ghnáth-Ghaeilge na linne seo é sin.

Meabhraíonn Dónall P. Ó Baoill dúinn in Úrchúrsa Gaeilge gur féidir le a úsáid mar cheangal idir gníomhaí agus an briathar saor fad is nach gníomhaí pearsanta é. Ní miste a rá gur maraíodh duine le nimh, mar shampla, nó gur briseadh gloine le casúr. Ach ní dhéanfadh nimh ná casúr aon dochar gan duine iad a úsáid.

Féach chomh maith: AIDIACHT BHRIATHARTHA NÓ SAORBHRIATHAR?

Roinn an Post seo: