Go minic, ba dheise agus ba ghonta na leaganacha a bhaineann le agus atá bainteach le a fhágáil ar lár ar fad:

  • Tréimhse seacht mbliana a bhaineann leis an oifig.
  • An bhunreachtúlacht a bhaineann leis an dlí nua a thriail.
  • Ar mhaith leat eolas margaíochta a fháil faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí a bhaineann le huisce ó Uisce Éireann?

Ba dheise na habairtí sin, de mo dhóighse, ach iad a athscríobh ar an bhealach seo:

  • Maireann an tréimhse oifige ar feadh seacht mbliana.
  • Féachaint an bhfuil an dlí nua ag teacht leis an mBunreacht.
  • Ar mhaith leat eolas margaíochta a fháil faoi tháirgí nó faoi sheirbhísí Uisce Éireann?
Roinn an Post seo: