Go han-mhinic ar fad, úsáidtear bainisteoireacht agus bainistíocht amhail is gurb ionann ciall dóibh. Tharla go bhfuil difear caolchúiseach céille ann ba cheart a thabhairt slán. Féach, mar shampla, úsáid an fhocail bainisteoireacht sa sampla seo:

Táthar ag lorg Oifigeach Sinsearach Forbartha ag a bhfuil scileanna bainisteoireachta, eolas ar an ghaelscolaíocht agus cáilíocht 3ú leibhéal.

Is ionann bainisteoireacht agus managership, is é sin an teoiric agus na prionsabail a bhaineann le gairm an bhainisteora. Is dócha gur bainistíocht an focal is coitianta a úsáidtear inniu le haghaidh management, is é sin an obair a dhéanann an bainisteoir ó lá go lá. Is fearr, mar sin, a d'fhóirfeadh bainistíocht don abairt shamplach:

Táthar ag lorg Oifigeach Sinsearach Forbartha ag a bhfuil scileanna bainistíochta, eolas ar an ghaelscolaíocht agus cáilíocht 3ú leibhéal.

Tá an dealú céanna céille le déanamh i gcás cuntasóireacht agus cuntasaíocht. Is ionann cuntasóireacht agus gairm an chuntasóra. Bíonn eagraíochtaí ionadaíocha mar Chumann na gCuntasóirí Cairte ag plé le caighdeáin agus le dea-chleachtais chuntasóireachta.

Is é is cuntasaíocht ann ná an ghnáthobair a dhéantar ar chuntais a ullmhú agus a dheimhniú.

 

Roinn an Post seo: