Sa teanga scríofa fhoirmeálta, úsáidtear beartas sa chiall ‘moltaí i dtaobh na mbeart atá le déanamh chun aidhm éigin a bhaint amach’. Má luaitear polasaí sa reachtaíocht, is socrú tráchtála a bhíonn i gceist, mar shampla polasaí árachais.

Taobh amuigh de Thithe an Oireachtais, ar ndóigh, tá polasaí i ndiaidh an svae a thabhairt leis, sa chaoi go mbítear ag trácht ar pholasaithe an Rialtais agus na bpáirtithe polaitíochta.

Tá scríbhneoirí agus eagarthóirí Gaeilge ann fós a úsáideann an focal dúnghaois, focal a bhainfeadh preab as léitheoirí a thuigfeadh brí polasaí agus beartas gan dua. Bíodh sin mar atá, úsáidtear an focal dúnghaois fós sa chiall teagascdoctrine:

Ó thaobh na polaitíochta idirnáisiúnta de, chreid Truman gurbh é dualgas SAM fás an chumannachais a chosc. De réir Dhúnghaois Truman, bhí iallach ar SAM cabhrú le tíortha ar fud na cruinne seasamh i gcoinne an chumannachais.

 

 

Roinn an Post seo: