Is sna réamhfhocail chomhshuite trí bhíthin agus de bhíthin is mó a scríobhtar an focal bíthin. Is trí bhotún a chuirtear síneadh fada ar i sa dara siolla agus a fhágtar an chéad siolla gairid.

Tá roinnt tionscadal i gceist leis an gclár, a bhfuil roinnt acu ag brath ar mhaoiniú ónár mbuiséad Ioncaim (trí bhithín aistrithe caipitil).

De bhithín go raibh an chéad phainéal breithneoirí agus idirghabhálaí le dul as feidhm i mí na Nollag 2007, bhreithnigh an Bord an nós imeachta roghnúcháin maidir leis an gcéad phainéal eile go luath sa bhliain 2007.

Ó thaobh na stíle de, b'fhearr focal níos coitanta a roghnú chun an chiall toisc a chur in iúl.

Ar an ábhar/ó tharla go raibh an chéad phainéal breithneoirí agus idirghabhálaí le dul as feidhm i mí na Nollag 2007, bhreithnigh an Bord an nós imeachta roghnúcháin maidir leis an gcéad phainéal eile go luath sa bhliain 2007.

Roinn an Post seo: