Bíonn abairtí den chineál seo le fáil i dtéacsanna Gaeilge:

  • An bhliain seo, tá ag éirí go maith le foirne na hÉireann i gcomórtais na hEorpa. 
  • Is iad Cumann Ard an Rátha a bheidh ag reáchtáil an Chomórtais an chéad bhliain eile agus guíonn muid gach rath orthu. 

Is dóigh liom gur faoi thionchar this year agus next year a scríobhtar a leithéid sin. I mbliana agus an bhliain seo caite/an bhliain seo a chuaigh thart atá sa Ghaeilge. Is dobhriathra ama iad, is é sin soláthraíonn siad eolas faoin uair a tharla nó a tharlóidh seo nó siúd: foirne na hÉireann a bheith ag déanamh gaisce nó comórtas a bheith á reáchtáil ag Cumann Ard an Rátha.

Níl aon locht ar an bhliain seo ná ar an chéad bhliain eile i gcomhthéacsanna eile:

  • Go dtí an chéad bhliain eile in Ard an Rátha, a chairde!
  • Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo ar an mbliain seo.
Roinn an Post seo: