BONN/BUN

Tá gaol gairid idir bonn agus bun, díreach mar atá idir foundation agus basis sa Bhéarla, ach ní fhágann sin gur féidir iad a mhalartú ar a chéile i gcónaí. Corruair, bíonn ciall abairte ag brath ar an fhocal cheart acu a roghnú. Úsáidtear focail áirithe i gcomhlogaíochtaí den chineál seo:

  • Tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh ar an mbun sin.
  • Bhí caint faoi chineálacha nua cadhnraí a dhéanfadh athrú ó bhun ar charranna. 
  • Níl a fhios cén bonn a bhí leis an gcinneadh sin. 

Is mar seo a scríobhtar na comhlogaíochtaí sin i nGaeilge:

  • Tá súil agam go leanfaidh siad ar aghaidh ar an mbonn sin. 
  • Bhí caint faoi chineálacha nua cadhnraí a dhéanfadh athrú ó bhonn ar charranna. 
  • Níl a fhios cén bun a bhí leis an gcinneadh sin. 

 

 

Roinn an Post seo: