Teastaíonn gontacht sa nuathéarmaíocht. Corruair, déantar briathra a dhíorthú ó ainmfhocail. Tá institiúidiú níos gonta ná parafrása ar nós dul i dtaithí nó éirí spleách ar ghnáthaimh institiúide, go háirithe institiúidí meabhairshláinte

Mar sin féin, ba chóir do scríbhneoirí aird a bheith acu ar cé chomh hoiriúnach atá leaganacha den chineál sin don seánra téacs. Go rómhinic, cumann scríbhneoirí  leaganacha dá gcuid féin nach dtuigfeadh an dara duine. Ba chóir d'aistritheoirí go háirithe a bheith ar an airdeall agus gan abairtí mar seo a scríobh:

I gcás bunscoileanna le foirniú de Phríomhoide móide seachtar Múinteoirí Ranga...

Is léir gur with staffing of a bhí sa bhuntéacs. Is fearr a d'oirfeadh ainmfhocal don abairt áirithe sin:

I gcás bunscoileanna a bhfuil Príomhoide agus seachtar Múnteoirí Ranga d'fhoireann iontu...

Roinn an Post seo: