Is féidir scannán a bhunú ar úrscéal, nó teoiric a bhunú ar thaighde, ach is fearr a d’oirfeadh friotal éigin eile sna samplaí seo thíos:

  • Mar gheall ar an athbhreithniú a rinneamar le déanaí ar an tseirbhís oideachais agus traenála s’againn, is cinnte go mbeidh ár gcláir bunaithe ar mhic léinn. 
  • Déantar an roghnú bunaithe ar chóras pointí an CAO. 

Bheadh ciall na n-abairtí sin níos soiléire ach iad a scríobh mar seo:

  • Mar gheall ar an athbhreithniú a rinneamar le déanaí ar an tseirbhís oideachais agus traenála s’againn, is cinnte go mbeidh ár gcláir dírithe ar mhic léinn. 
  • Déantar an roghnú de réir chóras pointí an CAO. 

Corruair, is deacair a dhéanamh amach cén chiall atá ar intinn an scríbhneora, mar shampla:

 Is scanóir é seo atá bunaithe ar athshondas maighnéadach núicléach.

Is dócha gurb í meicníocht an scanóra atá i gceist, i.e. gur scanóir é a úsáideann athshondas maighnéadach núicléach chun an scanadh a chur i gcrích.

Amanna eile, agus b'fhearr bunaigh ar a fhágáil ar lár gan aon ní a chur ina áit:

Líon isteach an dialann seo, bunaithe ar cad a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine de ghnáth.

Bheadh ciall na habairte níos soiléire ach í a athscríobh mar seo:

Líon isteach an dialann seo. Scríobh faoi na rudaí a dhéanann tú ag an deireadh seachtaine de ghnáth.

Roinn an Post seo: