Úsáidtear go bunúsach mórán mar a úsáidtear an focal basically sa Bhéarla. Scríobhtar é roimh phríomhtheachtaireacht an údair (nó ina diaidh):

  • Go bunúsach, cuireadh saibhreas ré an Tíogair Cheiltigh amú.
  • Cuireadh saibhreas ré an Tíogair Cheiltigh amú, go bunúsach.

Deamhan locht air sin, ach caithfear a bheith faichilleach gan an dobhriathar a cheangal le briathar ar dhóigh a thugann le fios gur tharla seo nó siúd ar shlí a bhí bunúsach (mura bhfuil sin amhlaidh). A leithéid seo:

  • Is seirbhís do leanaí go bunúsach é Uchtú.
  • Feidhmíonn Sochar Linbh go bunúsach mar íocaíocht Bhunioncaim.

Is deacair ciall a bhaint as abairtí den chineál sin. Go deimhin, thiocfadh go bunúsach a fhágáil ar lár ar fad gan dochar a dhéanamh do chiall na n-abairtí.

Baintear úsáid as go bunúsach chun fundamentally a chur in iúl fosta. Ach, ó tharla go bhfuil an chiall atá pléite thuas i dtreis, is fearr go minic dul i muinín leaganacha eile.

Mar thoradh air sin, athraíonn aeráid an Domhain go bunúsach i gcaitheamh na n-aoiseanna.

Ar fhaitíos na míthuisceana, b'fhearr a leithéid seo a scríobh:

Mar thoradh air sin, tagann athrú bunúsach/athrú ó bhonn ar aeráid an Domhain i gcaitheamh na n-aoiseanna.

Ná níor cheart bunúsach a úsáid chun fundamental to/essential a chur in iúl:

Tá na próitéiní seo bunúsach don bheatha. 

B'fhearr go mór an abairt a athscríobh mar seo:

Tá na próitéiní seo riachtanach don bheatha.

Roinn an Post seo: